Eolas faoin suíomh seo

Sprioc

Uirlis sluafhoinsithe atá sa suíomh seo chun sonraí a bhaineann le mionainmneacha a bhailiú, a stóráil agus a roinnt. Leis an uirlis seo tugtar deis don phobal oidhreacht logainmníochta na tíre a chur chun cinn sa ré dhigiteach trí mhionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne. Ar an dóigh sin, is féidir mionainmneacha agus na sonraí a ghabhann leo a chaomhnú agus feasacht an phobail ina dtaobh a ardú. Tá an suíomh á fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Déanann Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge forbairt ar Bhunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) freisin, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha. Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016.

Cad is mionainm ann? Is éard is mionainm ann, i gcomhthéacs an tionscadail seo, ná logainm nach bhfuil ina ainm riaracháin ná ina ionad daonra. Áirítear ainmneacha contaetha, barúntachtaí, paróistí dlí, bailte fearainn, contaetha riaracháin agus toghranna i measc ainmneacha riaracháin na hÉireann. Áirítear ainmneacha cathracha, bailte, sráidbhailte agus sráidainmneacha i measc ionaid daonra na tíre. Is é logainm.ie an acmhainn údarásach maidir le hainmneacha riaracháin na hÉireann. Baineann na mionainmneacha le haicmí eile; ina measc tá ainmneacha gnéithe fisiciúla (e.g. lochanna, aibhneacha, bánna, cinn tíre, oileáin, sléibhte, cnoic), agus ainmneacha gnéithe saorga (e.g. liosanna, séipéil, mainistreacha, reiligí, droichid, crosbhóithre). Sampla an-mhaith d’aicme mionainmneacha is ea na hainmneacha páirce. Níl aon stádas oifigiúil ná feidhm riaracháin ag na hainmneacha páirce ach baineann tábhacht ar leith leo sa mhéid is go mbíonn eolas iontu faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, i measc rudaí eile, ag leibhéal an phobail áitiúil. Ar an drochuair, níl eolas ar na hainmneacha páirce chomh fairsing sin a thuilleadh de bharr athruithe déimeagrafacha agus tá práinn ar leith lena mbailiú sula ligfear i ndearmad iad. Tá súil againn go gcuideoidh Meitheal Logainm.ie leo siúd ar mhian leo na hainmneacha páirce ina gceantar féin a chur ar an taifead. Is féidir teacht ar bhreis eolais anseo maidir leis an taighde atá déanta ag taighdeoirí agus grúpaí pobail ar mhionainmneacha na hÉireann.

Meitheal Logainm.ie vs logainm.ie

Is suíomh gréasáin ar leith ó logainm.ie é Meitheal Logainm.ie. Ní fhaomhann an Brainse Logainmneacha ná Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge na sonraí ar Mheitheal Logainm.ie ná níl siad freagrach as na sonraí seo a chuireann úsáideoirí ar fáil. D’fhéadfadh difríochtaí a bheith idir foirmeacha áitiúla logainmneacha a sholáthraíonn an pobal ar Mheitheal Logainm.ie agus leaganacha oifigiúla Gaeilge an Bhrainse Logainmneacha ar logainm.ie atá bunaithe ar fhoirmeacha áitiúla agus stairiúla chomh maith le fianaise eile.

Tá áis ar fáil don úsáideoir chun malartú idir an dá shuíomh go saoráideach le cluaisíní ag barr an scáileáin. Tá an cuardach ar an suíomh seo nasctha le cuardach logainm.ie. Má tá torthaí ar logainm.ie ar chuardach a dhéantar ar an suíomh seo, agus a mhalairt, taispeánfar na torthaí sin i mbosca ag bun an leathanaigh.

Léarscáilíocht

Is léarscáil de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) í an léarscáil atá ar Mheitheal Logainm.ie, MapGenie Premium an t-ainm atá ar an léarscáil. Ní hionann í agus an léarscáil de chuid OSi, MapGenie, atá ar logainm.ie mar tá léarscáil níos mionsonraithe ná MapGenie ag teastáil do Mheitheal Logainm.ie le gur féidir leis an úsáideoir zumáil isteach chun cliceáil ar mhionghnéithe.

Forbairtí le teacht

Tá sé i gceist againn roinnt forbairtí breise a chur leis an suíomh de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh. Faoi láthair, tá fiosruithe ar bun maidir leis na féidearthachtaí chun léarscáileanna níos mionsonraithe de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a chur leis an suíomh.