Conas an suíomh a úsáid

Clárú

Is féidir clárú anseo. Is gá clárú má theastaíonn uait logainmneacha a ionchur ar an suíomh.

Bhíodh cead ag úsáideoirí taifid a ionchur go hanaithnid freisin, gan clárú. Tar éis d'fhoireann Mheitheal Logainm.ie athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscnamh áfach, cinneadh go raibh tábhacht ag baint le pearsa a bheith luaite le gach taifead. Cabhraíonn sé seo le hiontaofacht na faisnéise atá á tiomsú ag an Meitheal a chinntiú agus leis an leas ar féidir leis an bpobal trí chéile a bhaint as. Mar sin féin, coinníodh na taifid a cuireadh ar fáil go hanaithnid cheana.

Taifead a ionchur

Cliceáil ar an gcnaipe 'Cuir logainm isteach'. Ansin bog an áit go lár an chiorcail mar atá ar an léarscáil idirghníomhach agus cliceáil ar an gcnaipe 'Déanta'. Iarrfar ort na sonraí seo a leanas a líonadh isteach:

  • Logainm Gaeilge
  • Fuaimniú Gaeilge
  • Logainm Béarla
  • Fuaimniú Béarla
  • Aon eolas eile
  • Cineál an logainm
  • Foinse an eolais

Seo a leanas roinnt treoirlínte maidir le hionchur na sonraí thuasluaite:

Logainm a ionchur – Cuir an leagan den logainm a bailíodh nó atá in úsáid go háitiúil sa bhosca cuí, i.e. 'Logainm Gaeilge' 'Logainm Béarla'. Ní ceart an dá bhosca seo a líonadh mura bhfuil leaganacha in úsáid go háitiúil sa dá theanga nó mura bhfuil fianaise ann dá leithéid. Níor cheart iarracht a dhéanamh logainm Béarla a aistriú go Gaeilge ná a mhalairt. Ba cheart logainmneacha de bhunús Gaeilge ach atá Béarlaithe, e.g. Knocknagappul, Kilmore, Knockboy, Curraghmore, a ionchur sa bhosca 'Logainm Béarla'. Ba cheart ceannlitir a chur ar an gcéad litir agus ar gach mír eile, ainmfhocail agus aidiachtaí go háirithe, atá ina cuid lárnach den logainm, e.g. Béal Átha Beithe, Barr an Taoibh Tapaigh Íochtarach, Muiceanach idir Dhá Sháile. Ní chuirtear ceannlitir ar réamhfhocail, áfach, e.g. 'idir' sa logainm 'Muiceanach idir Dhá Sháile'. Má thagann an t-alt ag tús an logainm, cuirtear ceannlitir air, e.g. An Ascaill, Na Sceirí. Má thagann an t-alt i lár an logainm, ní chuirtear ceannlitir air, e.g. Cill na Gráinsí.

Fuaimniú – Cliceáil ar dheilbhín an mhicreafóin chun taifeadadh fuaime a dhéanamh. Iarrfar ort cead a thabhairt do Mheitheal Logainm.ie an micreafón ar do ghléas a úsáid. Is gá an cead sin a thabhairt chun taifeadadh fuaime a dhéanamh. Nuair a thagann dath dearg ar dheilbhín an mhicreafóin tá an taifeadadh ar siúl. Tugtar ceithre shoicind duit leis an logainm a rá. Cloítear leis an achar gearr seo ar mhaithe le tost fada ag tús nó ag deireadh an taifeadta a sheachaint. Nuair atá an taifeadadh thart déantar an comhad fuaime a phróiseáil agus ansin tugtar deis duit éisteacht siar leis an taifeadadh. Má tá tú sásta leis an taifeadadh is féidir leanúint ar aghaidh agus an chuid eile den eolas a líonadh isteach. Muna bhfuil tú sásta is féidir cliceáil ar an 'X' chun an taifeadadh a scriosadh agus ceann úr a dhéanamh. Níor cheart taifeadadh fuaime a dhéanamh mura bhfuil cur amach agat ar fhuaimniú an logainm sa cheantar atá i gceist. Ní féidir taifeadadh fuaime a dhéanamh i ngach uile chineál brabhsálaí; moltar an chomhairle bhreise maidir le taifeadadh fuaime a dhéanamh atá ar fáil anseo a léamh.

Aon eolas eile – Is féidir eolas ar bith eile atá agat mar gheall ar an mionainm a chur isteach sa bhosca seo, mar shampla litriú foghraíochta, fianaise stairiúil, fianaise thopagrafach, béaloideas ar bith a bhaineann leis an ainm, nó aon rud eile atá ábhartha. Más féidir comhthéacs gramadaí (comhréire) na logainmneacha a thabhairt, mar shampla Gortmore, ‘I saw her in the Gortmore’ sa Bhéarla nó '(An) Gort Mór', 'muintir an Ghoirt Mhóir/Muintir Ghort Mór', 'sa Ghort Mór/i nGort Mór' etc. sa Ghaeilge, ba chóir é sin a dhéanamh sa bhosca seo chomh maith.

Cineál an logainm – Taispeánfar liosta de chineálacha mionainmneacha duit le roghnú as. Mura bhfuil an cineál ceart ar an liosta, ba cheart ‘eile’ a roghnú, agus an cineál ceart a scríobh isteach sa bhosca téacs faoi bhun 'Más cineál eile, mínigh'.

Foinse an eolais – Roghnaigh ‘eolas áitiúil’ nó ‘eile’ ón liosta. Má roghnaíonn tú ‘eile’, scríobh isteach an foinse ábhartha sa bhosca téacs faoi bhun 'Más foinse eile, mínigh'.

Is gá ar a laghad ceann amháin de na trí bhosca 'Logainm Gaeilge', 'Logainm Béarla', nó 'Aon eolas eile' a líonadh le go nglacfar leis an taifead.

Cineál an logainm agus Foinse an eolais riachtanach.

Nuair a bheidh an t-eolas ar fad ionchurtha agat, cliceáil ar an gcnaipe 'Sabháil'.

Taifead a athrú nó a scriosadh

Tá cead ag gach úsáideoir athrú a dhéanamh ar na taifid a d’ionchuir sé nó sí féin nó iad a scriosadh. Chun é seo a dhéanamh, cliceáil ar an mbiorán léarscáile, nó ar an ainm féin sa liosta ar thaobh na láimhe clé agus ansin cliceáil ar 'athraigh' nó 'scrios'. Ní féidir taifid úsáideoirí eile a athrú, ach is féidir taifead nua a lua le háit trí chliceáil ar 'Cuir eolas breise leis »' nó is féidir taifead a cheistiú trí chliceáil ar 'Tuairiscigh fadhb: logainm@dcu.ie'. Coimeádann na heagarthóirí an ceart ábhar a bhaint den suíomh nó ábhar ar an suíomh a athrú.

Bailiúcháin

Glacfar le baisceanna taifead, a bhfuil sonraí geografacha ag gabháil leo, ó eagraíochtaí ar nós cumann staire agus logainmníochta nó ó thaighdeoirí aonair. Ionchuirfear taifid mar seo tríd an ‘doras cúil’ (seachas tríd an suíomh poiblí) agus cuirfear ar fáil mar bhailiúchán iad. Cruthófar micreashuíomh (féach an bailiúchán ‘Ainmneacha Páirce na Mí’ mar shampla) dá chuid féin don bhailiúchán a mbeidh a URL féin aige agus na gnéithe seo a leanas ann:

  • Bosca cuardaigh
  • Teideal an bhailiúcháin
  • Cur síos ar an mbailiúchán móide nasc chuig suíomh seachtrach an bhailiúcháin, más ann dá leithéid.

Déan teagmháil linn ag logainm@dcu.ie más spéis leat baisc mionainmneacha a chur ar fáil ar shuíomh Mheitheal Logainm.ie.

Stádas cóipchirt na sonraí

Má ionchuireann tú, mar úsáideoir aonair, taifead i Meitheal Logainm.ie, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig meitheal.logainm.ie mar admháil.

Beidh rogha ag eagraíochtaí maidir le cén sórt ceadúnais faoinar mhaith leo a gcuid bailiúchán sonraí a fhoilsiú. Cuirfear liosta roghanna ar fáil.

Brabhsáil

Is féidir an bunachar a bhrabhsáil ina iomláine, nó an fócas a theorannú do bhailiúchán faoi leith. Tá liosta na mbailiúchán ar an leathanach baile.

Sa léarscáil féin tá bioráin ar na háiteanna a bhfuil eolas ina dtaobh sa bhunachar cheana. Is féidir cliceáil orthu chun teacht ar an eolas. Is féidir brabhsáil trí na taifid is nua ar an suíomh ach cliceáil ar an gcnaipe 'Nua le déanaí'. Taispeánfar na taifid sin i bhfoirm liosta ar thaobh na láimhe clé chomh maith le bioráin a bheith ar an léarscáil a léiríonn suíomh na dtaifead sin.

Cuardach

Tar éis duit cuardach a dhéanamh, taispeánfar torthaí an chuardaigh mar liosta agus mar bhioráin ar an léarscáil. Má tá tú istigh i micreashuíomh bailiúcháin faoi leith nó úsáideora faoi leith, beidh torthaí an chuardaigh teoranta don bhailiúchán sin nó do shaothar an úsáideora sin.