Eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí meitheal.logainm.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair seirbhísí mar Plausible. Úsáidimid Plausible chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Plausible sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh. Úsáidtear fianán chun eolas a stóráil faoi rogha teanga an úsáideora. Ní bhíonn an fianán nasctha le sonraí pearsanta ar bith.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo

Usáidimid na sonraí bailithe ag Plausible chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, agus ní chuireann na sonraí seo ar ár gcumas úsáideoirí aonair a shainaithint.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid iad go deo. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Cé na sonraí úsáideora a bhailímid

Nuair a chláraíonn tú do chuntas ar Mheitheal Logainm.ie, soláthraíonn tú ainm, seoladh ríomhphoist agus pasfhocal dúinn. Nuair a logálann tú isteach, bíonn rogha agat paragraf tuairisciúil gearr mar gheall ort féin a sholáthar dúinn. Léirítear d’ainm agus do pharagraf tuairisciúil go poiblí ar do leathanach próifíle agus nasctar iad le cibé ábhar a chuireann tú leis an mbailiúchán.

Is féidir leat d’ainm nó do pharagraf tuairisciúil a chur in eagar am ar bith ach logáil isteach chuig an gcóras.

Cén úsáid a bhainimid as na sonraí úsáideora seo

Úsáidimid do sheoladh ríomhphoist chun tú a aithint go teicniúil (ní go pearsanta) laistigh dár gcóras agus chun dul i dteagmháil leat ó am go chéile le heolas atá ábhartha don tseirbhís. Ní rachaimid i dteagmháil leat ar chúis ar bith eile agus ní roinnfimid do sheoladh ríomhphoist le 3ú páirtí ar bith.

Úsáidimid d’ainm agus do pharagraf tuairisciúil chun aitheantas a thabhairt duit as do chuid oibre.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáideora seo

Le do chead, stórálaimid na sonraí úsáideora seo go deo. Má theastaíonn uait do chuntas a scrios, déan teagmháil linn ag logainm@dcu.ie le d’iarratas le do thoil, agus scriosfaimid do chuntas úsáideora faoi cheann 30 lá féilire ón uair go bhfaighimid d’iarratas. Is éard a bheidh i gceist leis seo ná go scriosfar do shonraí pearsanta (i.e. ainm, seoladh ríomhphoist, pasfhocal agus paragraf tuairisciúil) ónár gcórais go buan. Scriosfar gach cóip chúltaca de na sonraí úsáideora seo faoi cheann 3 bliana.

Tabhair faoi deara nach scriosfaimid do chuid sonraí logainmníochta, mar go scaoilimid an t-ábhar seo amach faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0 chomh luath is a aighnítear é. Ina ionad sin, dí-chomhcheanglóimid do chuid oibre ó do chuntas úsáideora sula scriosfaimid do chuntas. Léireofar do chuid oibre mar obair úsáideora anaithnid ina dhiaidh sin.

Ní stórálaimid seoltaí IP ar Mheitheal Logainm.ie.

Pasfhocail cuntas úsáideora

Nuair a shocraíonn tú pasfhocal le haghaidh cuntais úsáideora linn, úsáidimid teicneolaíocht a mhascann an pasfhocal le nach féidir le héinne é a fheiceáil, fiú ár riarthóirí bunachair. Mascaimid na pasfhocail trí phróiseas darb ainm 'haiseáil', a ionadaíonn an pasfhocal féin le tacar randamach uimhreacha agus litreacha a stóráiltear inár gcórais. Ligeann sé seo dár gcórais sonraí do chuntais a bhailíochtú gan do phasfhocal a nochtadh. Cur chuige tionscalchaighdeánach é seo.

Má theastaíonn uait do phasfhocal a athrú nó má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal agus is gá duit é a athshocrú, is féidir leat seo a dhéanamh tú féin leis na huirlisí a chuirimid ar fáil.

Toiliú

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach ar an leathanach seo.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag logainm@dcu.ie.