Mionainmneacha Reachlainn

Seo a leanas alt a scríobh Brian Mac Lochlainn i mí Lúnasa 2018 ar an mbailiúchán Mionainmneacha Reachlainn.

Scéal Alex Morrison

Rugadh Alex Morrison sa bhliadhain 1915 i nGrianag ar thaoibh thiar na h-Alban. Fuair a mháthair bás nuair a bhí Alex trí bliadhna d'aois. Bhí a athair ina mhairnéalach go tíortha céine, agus mar sin dhe, cuireadh Alex arais go Reachaidhe chun tógála le aintín a athara, ar an dtugadh sé "granny". Labhaireadh sí Gaedhilg (nó Gáidhlig) sa toigh, gidheadh nach rabh Gaedhilg ag athair Alex. Ach ba bhuachaill cliste Alex, agus roimh fhada thuigeadh sé gach rud a bhí dá ráidhtinn.

Ba saoitheamhail an dóigh inar casadh orm é: Bhí mo dhearbhráthair cleamhnais a' teagaisc Gaedhilg i mBéal Feairsde i 1978. Tháinig dalta isteach lá amháin agus dubhairt sé "sir my granny's a real Irish speaker and she comes from Rathlin island". Shaoil mé go mb'éigean domh castáil leis an bhean seo, agus fuair mé í ina comhnaidhe ar imeall Bhéal Feairsde. Ba bhean laghach uasal í, a' druidim ar 90 bliadhain d'aois. D'fhág í Reachraidhe nuair a bhí sí trí bliadhna déag d'aois, lena deirbhshiúr, agus cha rabh sí riamh arais. Bhí aithne uirthi mar "Mrs McKenna", ach mar "Bella John Roe" (Iseibéal Iain Ruaidh) ar an oileán.

Fuair Iseibéal saothar i mBéal Feairsde agus chuaidh a deirbhshiúr le bheith ina bhean riaghalta. Cuireadh go Ceylon í (Sri Lanka indiú), agus char thill sí riamh. Cha rabh ach abairtí de Ghaedhilg bhriotaigh ag Bella, ach chuaidh a cuid Gaedhilge a scriosadh le dul go ranganna agus daoine ag innse daoithe nach rabh a cuid cainnte ceart. Dubhairt mé léithe go rachainn-se go Reachraidhe agus griangraf a thógáil den toigh ina rugadh í, le tabhairt daoithe.

Tamall ina dhéidh sin, chuaidh mise agus mo bhean chéile go Reachraidhe ar lorg toigh Iseibéil, áit darbh ainm Upper Claggan (nó Cloigeann Uachtarach). Ar siubhail suas an bóthar dúinn chuir sinn a' cheist "where is Upper Claggan?" ar an duine seo a bhí ina sheasamh ag an gheafta agus madadh lena chois. "You're in it", dubhairt sé. Thionntuigh sé amach go rabh sé ina chol-cheathrar aon chéim amuigh le Bella John Roe, agus é ina chomhnaidhe sa toigh ina rugadh í. Alex Morrison a bhí ann.

Scríobh mé chuig Alex ina dhéidh sin, ag iarraidh teacht arais agus labhairt leis fá dtaobh de na ainmneacha áite, agus d'aontuigh sé go fonnmhar. Bhí feirm fhairsingeach aige ar an oileán agus thug sé sinn ar turas ar a chuid talaimh ag míniughadh na h-ainmneacha ar gach páirc, creag, cnoc, beann agus loch. Bhí sé sásta leigint domh inneall taithmhéadaidh a chur ar ruith.

Nuair a tháinig mé chun a' bhaile chonnaic mé go rabh 150 ainmneacha áite agam, agus ba Ghaedhlig iad uilig ar beagán. Fuair mé amach chomh math go ndearn Alex agallamh le Albanach trí bliadhna roimhe sin, duine a bhí a' déanamh suirbhé ar chanamhaintí na h-Alban, agus a d'fhág gan seóladh a fhágáil. Thomhais mé gurb é duine as Sgoil Eólais na h-Albann a bhéadh ann. Scríobh mé chuca, agus chuir siad na téipeanna chugam, dhá cassettes de abairtí agus de fhoclóireacht a thug Alex dóbhtha. Fuair me amach ina theannta sin, go rabh Alex mar dhuine faisnéise ag an Ollamh Nils Holmer, Sualainnneach a rinn stuidear ar chanamhaintí Aondroma, Reachrann, Ceann Tíre agus Arann na h-Alban sna 1930aí. D'fhoillsigh Holmar "Rathlin Gaelic" (RIA 1939), ina chuir sé le chéile gramadach chomasach ar chanamhaint an oiléin. Foillsigheadh leabharthaí chomh math ar na h-áiteacha eile ina ndearn sé rannsughadh.

Roinnt bliadhantaí ina dhéidh sin tháinig Alex agus a theaghlach chun comhnaidhe ar an tírmór i mBaile Chaistil, agus b'fhurast domh é a thabhairt don toigh s'againne. Ar dtús, d'iarr mé air teacht agus na h-ainmneacha a thug sé domh a chur ar léarscáil. Nuair a tháinig sé, rinn sé aineólas ar an liosta a bhí agam, ach thóisigh a dhul go faithcheallach troimh'n léarscáil agus fán am ar chríochnuigh sé bhí 400 agam ar beagán. Cha rabh an léarscáil fhéin ar leith math, ach gan a dhath ar bith eile le fagháil, b'éigean dúinn a mhór a dhéanamh den scéal. Ach tamall ins dhéidh sin fuair me griangrafanna aerdha den oileán a thaisbeáin gach páirc agus toigh go glinn soiléir. Chaith Alex iomdha Domhnach in mo chuideachta, ag obair ortha, agus d'fhág sin na h-ainmneacha ceangailte go dlúth leis na h-áiteacha.

Ba duine fial, uasal den chéad scoith Alex. Chaith sé saoghal fada cruaidh ag obair ar an talamh, agus ag an aon am mar mhairnéalach ar na "bàtaichean smùide" (Clyde puffers), anonn is anall eadar Glaschó agus Innse Gall. D'obair sé chomh math ar na h-oibreacha bóthair, agus tráth mar choimhéadaidhe toigh solais ar an oileán. Bhí sé eólach ar gach ordlach dá oileán dúthchais.

D'fhág sé an saoghal seo i 2012. Léigh mé amach a chuid ainmneacha áite dó ar leabaidh a bháis. Tá sé curtha sa reilg ag Eaglais Pádraig agus Bríghde i mBaile Chaistil.

Taifeadadh fuaime

Eochair don taifeadadh fuaime