Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil
Tugtar spléachadh sa tionscadal seo ar thaighde a rinneadh ar ainmneacha páirce Ghleann an Smóil. Bailíodh ainmneacha 256 páirc ó phobal Ghleann an Smóil mar chuid de thaighde a rinne an staraí áitiúil, Pat Lee, le roinnt blianta anuas. Ní raibh torthaí an taighde ar fáil ach mar liosta lámhscríofa agus mar léarscáil de chuid na hOifige Luachála ar a raibh páirceanna Ghleann an Smóil uimhrithe. Is é an taighde cuimsitheach sin atá mar bhonn ag an tionscadal seo. Rinne David Power, Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas, digitiú ar an ábhar a chuir Pat Lee agus pobal Ghleann an Smóil ar fáil. Is é tionscadal Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil toradh na hoibre sin. Ba é Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas a thionscain agus a chuir maoiniú ar fáil don tionscadal seo mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Bhaile Átha Cliath Theas 2010-2016.
Cuir logainm isteach
× Cuir ar ceal
Logáil isteach
Is gá logáil isteach chun logainm a chur le Meitheal Logainm.ie.
Logáil isteachMuna bhfuil cuntas úsáideora agat cheana is féidir ceann a chruthú go héasca ach an nasc thíos a leanúint.
Cláraigh Tuilleadh eolais »