Léarscáil á lódáil...

Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil

Tugtar spléachadh sa tionscadal seo ar thaighde a rinneadh ar ainmneacha páirce Ghleann an Smóil. Bailíodh ainmneacha 256 páirc ó phobal Ghleann an Smóil mar chuid de thaighde a rinne an staraí áitiúil, Pat Lee, le roinnt blianta anuas. Ní raibh torthaí an taighde ar fáil ach mar liosta lámhscríofa agus mar léarscáil de chuid na hOifige Luachála ar a raibh páirceanna Ghleann an Smóil uimhrithe. Is é an taighde cuimsitheach sin atá mar bhonn ag an tionscadal seo. Rinne David Power, Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas, digitiú ar an ábhar a chuir Pat Lee agus pobal Ghleann an Smóil ar fáil. Is é tionscadal Ainmneacha Páirce Ghleann an Smóil toradh na hoibre sin. Ba é Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas a thionscain agus a chuir maoiniú ar fáil don tionscadal seo mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Bhaile Átha Cliath Theas 2010-2016.
Cuir logainm isteach × Cuir ar ceal

Logáil isteach

Is gá logáil isteach chun logainm a chur le Meitheal Logainm.ie.

Logáil isteach

Muna bhfuil cuntas úsáideora agat cheana is féidir ceann a chruthú go héasca ach an nasc thíos a leanúint.

Cláraigh Tuilleadh eolais »

1Bog an áit go lár an chiorcail

Cabhair

2Líon isteach ceann amháin ar a laghad de na boscaí seo

Fuaimniú Gaeilge
Brúigh an micreafón
Á phróiseáil...
Fuaimniú Béarla
Brúigh an micreafón
Á phróiseáil...
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáite romhat ábhar a sholáthar go hanaithnid.
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoin gceadúnas Attribution-NonCommercial-ShareAlike 4.0 International (CC BY-NC-SA 4.0).

Go raibh maith agat!

Beidh do shaothar le feiceáil go poiblí nuair a bheidh sé ceadaithe ag ár bhfoireann eagarthóireachta.