Fuaimniú mionainmneacha a thaifeadadh

Cuireadh áiseanna le Meitheal Logainm.ie ag tús na bliana 2018 a chuireann ar chumas úsáideoirí taifeadtaí fuaime a chruthú agus a stóráil inár mbunachar. Forbairt luachmhar is ea é seo mar caomhnófar fuaimniú comhaimseartha na mionainmneacha in éineacht leis an eolas téacsúil a ghabhann leo. Tá treorlínte ginearálta maidir le conas tabhairt faoi thaifeadadh fuaime a dhéanamh ar fáil ar an leathanach faoi conas an suíomh a úsáid. Tugtar eolas teicniúil agus comhairle phraiticiúil thíos a chabhróidh leat an leas is fearr a bhaint as na háiseanna seo.

Gléasanna a bhfuil taifeadadh fuaime ar fáil orthu

Ba cheart go mbeifí in ann taifeadadh fuaime a dhéanamh ar aon bhrabhsálaí nua-aimseartha — Mozilla Firefox, Google Chrome, Microsoft Edge agus Apple Safari — ar ríomhairí deisce agus ar ríomhairí glúine ach micreafón a bheith ar fáil. Is iondúil go mbíonn micreafón inmheánach mar chuid de ríomhairí glúine. I gcás ríomhairí deisce b'fhéidir go mbeidh ort micreafón seachtrach a cheangal leis an meaisín. Ní féidir taifeadadh fuaime a dhéanamh in aon leagan de Microsoft Internet Explorer.

Maidir le gléasanna móibíleacha, ba cheart go mbeadh taifeadadh fuaime ar fáil i ngach saghas brabhsálaí ar chórais Android, idir fhóin phóca agus tháibléid. Ní amhlaidh atá ar ghléasanna Apple iOS (iPhone, iPad etc.), áfach: ní mór ar a laghad iOS 11, leagan den chóras oibriúcháin a eisíodh i mí na Nollag 2017, a bheith suiteáilte ar do ghléas chun taifeadadh fuaime a dhéanamh.

Treoracha chun taifeadadh fuaime a dhéanamh

Cabhróidh na treoracha thíos leat leis na torthaí is fearr a bhaint amach agus taifeadadh fuaime á dhéanamh agat. Ar ndóigh, is é an buntáiste a bhaineann le gléasanna móibíleacha ná gur féidir iad a úsáid i suíomh ar bith mar sin ní i gcónaí a bheidh tú in ann na pointí uile thíos a leanúint.

Moltar:

  • an taifeadadh a dhéanamh i seomra ciúin laistigh nuair is féidir;
  • foinsí éagsúla torainn sa chúlra - teilifíseáin, ríomhairí agus gléasanna leictreacha eile, mar shampla - a mhúchadh nó a chiúiniú oiread agus is féidir;
  • gaoth láidir sa chúlra a sheachaint nuair is féidir;
  • an ríomhaire/fón/gléas taifeadta a chur díreach os do chomhair agus taifeadadh á dhéanamh;
  • gan an gléas taifeadta a bhogadh nó a láimhseáil oiread agus is féidir le linn don taifeadadh a bheith ar siúl, agus;
  • éisteacht siar leis an taifeadadh le cinntiú go bhfuil an logainm le cloisteáil go soiléir.