Conas na huirlisí geoshuímh a úsáid

Is féidir áiseanna geoshuímh a úsáid ar Mheitheal Logainm.ie chun do shuíomh reatha a aimsiú go huathoibríoch agus tú ag cur eolais ar mhionainmneacha sa timpeallacht fhisiciúil ina bhfuil tú nó ag cur logainmneacha nua leis an mbunachar. Tá na háiseanna seo ar fáil ar mhórán gléasanna (féach thíos) agus is mór an chabhair iad ar ghléasanna móibíleacha go háirithe ós rud é go gcuireann siad ar do chumas logainmneacha a mhapáil ar an láthair. Chun na háiseanna seo a úsáid is gá sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá á úsáid agat agus ní mór brabhsálaí nua-aimseartha a bheith in úsáid agat. Déantar cur síos thíos ar na háiseanna geoshuímh atá ar fáil agus tugtar comhairle maidir le seirbhísí geoshuímh a chumasú ar an ngléas atá in úsáid agat.

Do shuíomh a aimsiú ar an léarscáil

Brúitear an cnaipe geoshuímh chun do shuíomh reatha ar an léarscáil a aimsiú. Is féidir teacht ar an gcnaipe seo, a bhfuil deilbhín bioráin le sonrú air, díreach faoi bhun na rialtán mearzúmála atá suite ag barr na léarscáile ar thaobh na láimhe clé. Taispeánfar spota buí ar an léarscáil arb ionann é agus do shuíomh reatha, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó do ghléas. Cuireann na háiseanna seo ar chumas na n-úsáideoirí eolas a chur ar logainmneacha i gcomhthéacs na timpeallachta fisiciúla ina bhfuil siad.

Cnaipe Cá bhFuil Mé?

Taifead a ionchur

Is féidir seirbhísí geoshuímh a úsáid chun do shuíomh reatha a aimsiú agus tú ag cur logainm nua le bunachar Mheitheal Logainm.ie. Más mian leat logainm arb ionann a shuíomh fisiciúil agus an láthair ar a bhfuil tú a chur leis an mbunachar, moltar an cnaipe 'Cuir logainm isteach' ar an léarscáil a bhrú. Brúitear an cnaipe gorm 'Aimsigh mo shuíomh' ansin chun teacht ar do shuíomh reatha. Is ionann an spota buí ar an léarscáil agus do shuíomh reatha, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó do ghléas. Má tá tú sásta go bhfuil an suíomh a aimsíodh duit réasúnta cruinn is féidir an cnaipe 'Déanta' a bhrú agus leantar na céimeanna eile chun logainm nua a ionchur. Mura bhfuil tú sásta le cruinneas an tsuímh is féidir an sprioc i lár na léarscáile a cheartú de láimh.

Cnaipe chun do shuíomh a aimsiú

Gléasanna agus earráidí coitianta

Chun leas a bhaint as na háiseanna thuasluaite ní mór sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá in úsáid agat. Sa lá atá inniu ann, is iondúil go mbíonn teacht ar shonraí chóras suite domhanda (GPS) nó ar shonraí geoshuímh a bhaineann le do líonra móibíleach ar ghléasanna móibíleacha ar nós fóin chliste. I gcás ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine bíonn fáil ar shonraí geoshuímh trí líonraí WiFi agus eile, uaireanta, ach ní amhlaidh atá i gcónaí. Sa chás nach bhfuil fáil ar na sonraí seo taispeántar teachtaireacht earráide ar an léarscáil: 'Ní rabhthas in ann do shuíomh a mheas'. Cúis eile a d'fhéadfadh a bheith leis an teachtaireacht seo ná go bhfuil seirbhísí geoshuímh múchta ar an ngléas atá in úsáid agat. Moltar duit do chuid socruithe ar an ngléas a sheiceáil agus seirbhísí geoshuímh a chumasú más gá.

Teastaíonn brabhsálaí nua-aimseartha freisin chun leas a bhaint as na háiseanna geoshuímh. Níor chóir go mbainfeadh deacracht le haon leagan de Mozilla Firefox, Google Chrome nó Microsoft Edge a eisíodh ó 2015 i leith. Sa chás nach bhfuil sé d'acmhainn ag do bhrabhsálaí leas a bhaint as áiseanna geoshuímh cuirtear na cnaipí agus na rialtáin a bhaineann leo ar Mheitheal Logainm.ie i bhfolach. Is minic go n-iarrfaidh an brabhsálaí ort cead a thabhairt do Mheitheal Logainm.ie leas a bhaint as do chuid sonraí geoshuímh. Caitear an cead seo a thabhairt nó taispeánfar teachtaireacht earráide: 'Ceadaigh úsáid seirbhísí geoshuímh, le do thoil'. Déantar an chumarsáid idir do ghléas agus suíomh Mheitheal Logainm.ie a inchriptiú agus ní dhéantar taifead de, ná stóráil ar, do chuid sonraí geoshuímh.

Nóta: Más é Android an córas oibriúcháin atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, is minic gur féidir an fhadhb seo a réiteach ach an mód geoshuímh ar an ngléas a athrú ó 'Device only' (GPS amháin) go 'High accuracy' (GPS, Wi-Fi, Bluetooth, GSM etc.).

Nóta: Más é Safari ar Mac OS an brabhsálaí atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, moltar duit dul isteach sna socruithe ar do ríomhaire agus cinntiú go bhfuil Safari cumasaithe faoin gcluaisín 'Location Services'.

Cruinneas

Bíonn cruinneas na gcomhordanáidí a fhaightear ó ghléasanna úsáideoirí ag brath ar go leor cúinsí: cineál an ghléis, oiread na líonraí gan sreang atá timpeall ar an úsáideoir, cé acu sonraí GPS nó sonraí eile atá á gcur ar fáil etc. Is fiú i gcónaí triail a bhaint as na háiseanna geoshuímh níos mó ná uair amháin agus i suímh dhifriúla mar ní gá gurb ionann go baileach na torthaí a fhaightear gach uair.